|

Sneachta ar an tsliabh dubh ar maidin fhuar faoin nollaig,
Spideog `is rí ruaidh piocadh blúirí bia faoi fhuadar, Gile an lae a` doirteadh trí fhuinneog dáite an dorais,
faobhar an aeir a bhlaiseadh `gam `sna polláirí ,`sna scamhóg`
Deirge na lasrach do mo dhalladh cois na
tine, boogaloo an snagcheoil do mo bhoradh thuas staighre, maithiúnas a iarraidh ar na rudaí atá ráite, deifir
ar na héineacha ar ais go dtí a neadacha.
screadacha na bpáistí a` súgradh ins an tsneachta, imní ar na
pinsinéirí `streachailt tríd an oighear, cneadach an amplacháin `cuir turcaí ina bholg, sneachta ar an tsliabh
dubh faoi Dhuibhis dubh na déithe.

<a href="http://www.gaelport.com/" target="_blank>Gaelport.com - an Ghaeilge ar an Idirlíon</a>
|