|
Domoladh na seanpháipéar sa tarraiceán, Mise liom féin I do sheomra leapa, Ag láimhsiú na seanphictiúr le
maoithneachas Nach ligfeadh an chúthaileacht dom a scaoileadh `is tú beo. Ag guí ar do shonsa faoi chlúid na hóiche,
Na focail nach dtiocfadh liom a rá leatsa fadó, Tá anois ina rabharta gan staonadh ach, faraor, rómhall.
Tig
liom do ghlór do-amhrais a chloisteáil anois,
ag cur bac ar chóireanna m`óige, is do gháire tógálach a bhain na deora as do chomhluadar,
Dé Domhnaigh nó istóiche.
Ina sheasamh go meabhrach,tostach, Cois seipéal naomh Peadair, San áit ar rugadh
thú ag coirnéal sráide, Agus é ag tnúth le nochtadh nó soiléiriú éigin, Tá fear meanaosta ag cuartú a athar.
Agus cé go bhfuil leac le do cheann cineálta Le seacht mbliaina anuas, Táim do do chuartú fós , A Mhaoileachlainn
mhic Bhríde ní Fheilimidh.

|