Home | Céadsearc | Lusca Chluain Ard | Anna Kournikova | An Chéad Lá de Mhárta | Sneachta ar an tsliabh dubh | Cumha an Fhile 1 | Cumha an Fhile 2 | Cúlchabhsa | Ag Cuartú m`Athar | Aifreann na Gine | Neamhdhaingne na meanaoise | Fuadach na Gcnoc-The Rape of the Hills | Seabhac Bhaile Monaidh-The Ballymoney Hawk(poem for Joey) | Barrog Buan-Sanctuary | Easna Adhaimh - Adam`s Rib | Cuair na Cluana..Deceptive Curves.. | Gniomh Tutach-It meant nothing? | Mise an Earagail | Do Eliza Ward.. For Eliza Ward.. | Port an Chabhlaigh | The mother`s lament for her baby | To a sister.. | Ailear pictiura-My favourite photos!

DÁNTA DÚNTA le Mícheál Mac Coisdeala.

Cúlchabhsa

croz.jpg



Crozier`s Row,Dover Street,Belfast 1912
Poverty in the shadow of the victorian mills.

CÚLCHABHSA

Uaibhse mo mhuintir,a d`fhulaing anró is cruatan,iarraim maithiúnas,
Uaibhse nar bhlas riamh bia Síneach na fíon iasachta,
nar chaith riamh culaith dhomhnaigh dhomhanda na bróga leathair,
Nar shantaigh riamh ach a raibh tuillte agaibhse de cheart
 `sna muillte sníomhacháin, dorcha, gruama
a ndearnadh dubhsclábhaíochta iontu.

Cosnochta sa chúlcabhsa a sheasann sibh anois,
béaldruidte,ag stanadh ar mheath mo mhaoinse,
`chan le súile ocracha ach le súile Dé,
An Dia céanna a thug faoiseamh sa deireadh daoibhse,
Dia nach bhfeicfidh mo leithéidse gan searbhas bhur bpian a
bhlaiseadh go hiomlán,deich nuaire chomh holc libhse,
Iarraim maithiúnas,guígí orainne,glúnta na bhfuíoll...

cdvstripe2.jpg

A`realgael`web page
le Mícheál MacCoisdeala
2000