DÁNTA DÚNTA le Mícheál Mac Coisdeala.

Home | Céadsearc | Lusca Chluain Ard | Anna Kournikova | An Chéad Lá de Mhárta | Sneachta ar an tsliabh dubh | Cumha an Fhile 1 | Cumha an Fhile 2 | Cúlchabhsa | Ag Cuartú m`Athar | Aifreann na Gine | Neamhdhaingne na meanaoise | Fuadach na Gcnoc-The Rape of the Hills | Seabhac Bhaile Monaidh-The Ballymoney Hawk(poem for Joey) | Barrog Buan-Sanctuary | Easna Adhaimh - Adam`s Rib | Cuair na Cluana..Deceptive Curves.. | Gniomh Tutach-It meant nothing? | Mise an Earagail | Do Eliza Ward.. For Eliza Ward.. | Port an Chabhlaigh | The mother`s lament for her baby | To a sister.. | Ailear pictiura-My favourite photos!








Cumha an Fhile 2

Cá bhfuil tú anocht?

pat.jpg

A ainnir na Fraince ar thug mé gean duit lá de mo shaol,
Tchímse do shúile glasa dodhearmadta fós,
Aoibh an gháire ar do bhéal brúsach,beosach
Agus tú I mbarr do bhlátha.
B`aoibhinn liom a bhinne a labhair tú liom,
Faoi sheanbhallaí Avignon,
agus tú ag éisteacht le meileach mealltacha
an Éireannaigh óig,
Blaisim fós céadphóg na hóiche sin,mar a bheadh fíon fónta
ann i dtír álainn na bhfiniúna,
agus braithim fosta I m`aigne dlúthchaidreamh
`is teoghrá do bharróg`sa.

Dá bhfanainn óiche eile,is ansin a bhéinn inniu..





www.surrealgael.com 2002