|
Cé gur aithin mé an glór, Níorbh fhéidir dom gan tiontú thart, Gur dhearc mé idir an dá shúil, Ar mo chéadsearc. Ba léir dom,le siolladh súile, Go raibh an mhéanaois
istigh uirthi, Meáchan in áit cuartha, Bláth na hóige imithe le sruth, Bláth na háilleachta díolta `is ceannaithe.
Ba leor sin don Choisdealach gan focal a rá.. Lás mé go bun na gcluas,agus thit an tóin as, Mar a déarfá, Focal
no dhó inmhaithe uaimse, agus chuaigh mé ar mo theitheadh. Ag éalu suas an tsráid dom, Go tromchroíoch brúite,
Mheas me gur cuís náire é, mar a tharla ann, don slabaire uireasach, Agus é ag filleadh ar dhaingean a Chuimhne.
Is furasta fáil ó gheasa an ghrá!
|