Make your own free website on Tripod.com
Mise an Earagail

DÁNTA DÚNTA le Mícheál Ó Coisdeala.

Home | Do Eliza Ward.. For Eliza Ward.. | Port an Chabhlaigh | Cumha an Fhile 1 | Cumha an Fhile 2 | Ag Cuartú m`Athar | Gníomh Tútach-It meant nothing? | Mise an Earagail | Lusca Chluain Ard | An Chéad Lá de Mhárta | Sneachta ar an tsliabh dubh | Aifreann na Gine | Barrog Buan-Sanctuary | Easna Ádhaimh - Adam`s Rib | To a sister..

errigal.jpg

Mise an Earagail,
Is cuimhne liom imeacht na n-iarla fadó,
Mise an Earagail,
Chonaic mé an chéad drong Sasanach ag teacht,
`gus cabhlach na Spáinne`gabháil go tóin,
Mo sheasamh anseo le ciantaibh..

Mise an Earagail,
Is cuimhne liom an t-ocras `bheith romham achan áit,
Mise an Earagail,
Chonaic mé mo mhuintir d`a scabadh soir `is siar,
A`s an bealach a dhéanamh ag Rutland thiar,
Mo sheasamh anseo le ciantaibh..

Mise an Earagail,
Is cuimhne liom an eilit,`n mactíre a`s an fiadh,
Mise an Earagail,
Chonaic mé Pádraig,Colmcille agus Bríd,
A`s Balor I dtóraigh ansiúd istigh,
Mo sheasamh anseo le ciantaibh.

Mise an Earagail,
Is cuimhne liom cuid coillte na h-Éireann fadó,
Mise an Earagail,
Ní miste liom fearthainn,sneachta na ceo,
Ní bheidh me ag Gaeltarra anois no go deo,
Ach mo sheasamh anseo le ciantaibh..

Mise an Earagail,
Tá ceo ar mo shúile le fada an lá,
Mise an Earagail,
Tá móin I mo chluasa,nach méanair domhsa,
Tchímse na fir bhuí a`s a gcuid capall fa`n loch,
Nár fheice mé an t-ollscamaill thart orm go brách,
Mise an Earagail..

spelmani.gif

Is iomai athru ata tagtha ar cheantar Dhun Luiche leis na bliantai anuas agus ar an stocach ba leis an ghiotar chomh maith.Ceapadh an t-amhran seo i 1972.